Thursday, May 26, 2011

Saoirse++

Téim síos is measc na ndaoine.

Go minic, go hana mhinic.

Bíom leo.

Mo chairde, mo ghaolta.

Síom leo. Gáiríom leo.

Níl hea, ní théim síos, téim suas.

Dar liom.

Éiríom suas ón leaba leisciuil seo.

Leaba na fealsúnaíochta.

Ag smaoineamh liom

Ag ceapadh go bhfuilim cliste dá bharr.

Cliste agus specialta.

Sine qua non clisteacht an gcinne daonna.

Cá bhfuil an saol ionaim?

An iomairce de agam?

Smaointe mar vírisí

Ag ionsú is ag scriossadh cealla na beatha;

Néaróga an ghrá, orgáin an dóchais.

Privléid, b’fhéidir.

Mar dhea.

Na daoine sin, conas atá an saol acu?

Ag imirt leo.

Gliúinte an bháis ag a gceoil,

mar a dheireann Yeats, mo chara siniciúil, brónach.

Mise thíos anseo, ar nós fear gan cosa,

Aon saghas cosa, bréagach fiú, le cuir ar an dtalamh

Ah, b’aoibheann liom seasamh suas

Rith ar shiúl ón ghleann salach seo

Smaointe gránna, neamhdóchasacha,

Fliuch le halas

Agus sliabh an tsaoil a dhreapach

Ní tharlóidh sé, afach,

Agus níl mo lámha fiú láidir go leor

Chun mé a tharraingt suas.

Táidar ró-ghnóthach

Ag scíobh an dán seo.

Nárbh í sin an fhaidhb.

03.01.08

No comments:

Post a Comment